Deis Nua Spreagúil do Scannánóirí Nua:
Scéim Léiriúcháin CATALYST Anois Oscailte d'Iarratais
Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB) deis a thairiscint do thrí fhoireann de scannánóirí nua fadscannán ar bhuiséad íseal (€350,000) a léiriú le cuidiú ón scéim mhaoinithe agus mheantóireachta Catalyst. Beidh teagmháil ag na foirne le príomh-shaineolaithe na hearnála a thabharfaidh meantóireacht agus treoir phearsanta dóibh le linn an tréimhse.
Is le cuidiú ón chéad scéim Catalyst, a láinseáileadh i 2007, a léiríodh na fadscannáin Rewind, One Hundred Mornings agus Eamon. Anois, tá an darna scéim Catalyst á oscailt ag BSÉ/IFB do scannánóirí uaillmhianacha spreagtha ar mhian leo fadscannán úrnua, spreagúil agus atá dírithe go mór ar an lucht féachana, a léiriú ar bhuiséad íseal ach gan aon chomhghéilleadh a dhéanamh ar na huaillmhianta.
Conas a fheidhmíonn sé?
Le bheith i dteideal dámhachtain mhaoinithe, ní mór do dhaoine ar mhaith leo iarratas a dhéanamh freastal ar sheimineáir thar dhá lá ar dtús báire, a thabharfaidh léargas dóibh ar scannánaíocht ar bhuiséad íseal. Beidh na seimineáir seo ar siúl Dé Sathairn, 30ú Mí na Samhna, agus Dé Sathairn, 14ú Mí na Nollag 2013. Ansin, beidh tréimhse trí mhí acu siúd a d'fhreastal ar na seimineáir chun pacáiste agus script scannáin a ullmhú le go ndéanfar measúnú air.
Beidh deis ag an trí fhoireann scannánaíochta a roghnófar (léiritheoir, scríbhneoir agus stiúrthóir nó scríbhneoir/stiúrthóir) a fadscannán féin a léiriú ar bhuiséad €350,000, le tacaíocht ó fhoireann BSÉ/IFB, agus le teacht ar phainéal de phríomh-shaineolaithe na hearnála. Déanfaidh na foirne a ndícheall le cinntiú go mbeidh deis ag gach ball den fhoireann theicniúil/chriú a oibríonn ar na scannáin grád níos airde a bhaint amach ina ngairm. Cuirfear traenáil agus/nó meantóireacht ar fáil don fhoireann aisteoireachta agus don chriú nuair is gá.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh chun freastal ar na seimineáir Catalyst?
Tá seimineáir Catalyst ar oscailt do dhaoine aonair as na disciplíní scannánaíochta seo leanas: léiritheoirí, scríbhneoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoir/stiúrthóirí. Spreagfaí na rannpháirtithe chun teagmháil a dhéanamh le scannánóirí eile ag na seimineáir, le foirne nua a bhunú nó chun cur le foirne atá curtha le chéile cheana.
Ní mór go mbeidh creidiúint/ról ag léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoir/stiúrthóirí ar ghearrscannán amháin agus/nó clár dramaíochta teilifíse amháin agus/nó fógraí agus/nó sraith ar-líne mhearscaipthe amháin ar a laghad.
Ní mór go mbeidh an chreidiúint sin ag scríbhneoirí ar ghearrscannán a léiríodh agus/nó dráma teilifíse agus/nó fógraí agus/nó sraith ar-líne mearscaipthe nó tionscnamh (fadscannán, clár drámaíochta teilifíse amháin, sraith ar-líne mhearscaipthe, dráma stáitse nó dráma raidió) atá coimisiúnaithe nó i bhforbairt mhaoinithe. Iarrfaí ar iarratasóirí seóspól nó sampla dá gcuid saothair léirithe a chur ar fáil.
Beidh tosaíocht á tabhairt do na daoine seo leanas:
ï Saoránaigh na hÉireann agus iad siúd atá ina gcónaí in Éirinn
ï Scannánóirí nua le creidiúnt ar shaothar léirithe trí scéim mhaoinithe nó trí thionscnaimh choimisiúnaithe
Ní mór d'iarratasóirí a bheith18 mbliana d'aois ar a laghad. Ní féidir le mic léinn lán-aimseartha nó le fochéimithe iarratas a dhéanamh.
Ní féidir le daoine ar tugadh maoiniú dóibh sa chéad scéim Catalyst iarratas a dhéanamh.
Beidh diantheorainn ar áiteacha agus níl aon aisiompú ar chinneadh BSÉ/IFB.
Conas iarratas a dhéanamh chun freastal ar na seimineáir
Ní mór d'iarratasóirí próiseas iarratais Catalyst a líonadh ag
www.screentrainingireland.ie roimh An Aoine, 1ú Mí na Samhna, 2013, sula roghnófar iad le freastal ar na seimineáir. Gearrfaí táille riaracháin €20 orthu siúd a fhreastalaíonn ar na ceardlainne. Gheobhaidh na hiarratasóirí a éiríonn leo ríomhphost faoi An Chéadaoin, 13ú Mí na Samhna, 2013.
Leis na sonraí ar fad maidir leis na riachtanais agus próiseas an chomórtais a fháil, féach anseo.
Chun iarratas a dhéanamh le freastal ar cheardlainne Catalyst, téigh chuig www.screentrainingireland.ie
Scéim Léirithe Scannáin ar Bhuiséad Íseal í Catalyst, a bunaíodh agus a mhaoinítear ag Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board i gcomhar le Screen Training Ireland agus Filmbase.